Dé hAoine 29 Eanáir 2010

ATHNUACHÁN AN EARRAIGH

PIC: CUIREANN NA PÁISTÍ SNÁS AR A gCUID SCÍLEANNA IOMÁNAÍOCHTA AG AN CHLUB IAR-SCOILE


Tá dha chúis mhaith cheiliúrtha ag an scoil an séasúr seo le hathoscailt na naíscoile, a scríosadh ag an aimsir le linn na Nollag, agus le seoladh an chlub iar-scoile ar na mallaibh.

Beidh deis ag ár bpaistí imeachtaí sultmhara ar nós spóirt, ealaíne, ceoil agus fiú club timpeallachta a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Beidh an scoil ar siúl i ndiaidh am scoile ón Luan go Déardaoin agus eagraífear an corr imeacht ar leith ar an Aoine ó am go ham fosta.

Osclaíonn an naíscoil arís ag tús mí Feabhra i ndiaidh obair mhór fheabhasúcháin déanta uirthi agus muid in iomlán cinnte go rachfaidh na hathruithe go mór i bhfeidhm ar na tuistí agus ar na páistí.

Tá an nuachtlitir scoile séasúir ar fáil faoi ráiteas thíos.

1 comment:

  1. Nuachtlitir Feabhra 2010
    Laethanta Saoire
    Beidh an scoil druidte leathlae don sos mheántearmach dé hAoine 12ú Feabhra. Gheobhaidh na páistí dinnéar ag am lóin mar is ghnáth agus is féidir le tuismitheoirí na páistí a thógáil ar a 1in. Osclóidh an scoil arís dé Luain 22ú Feabhra.

    Tionscneamh Oidhreachta
    Tá na páistí R3 go 5 páirteach i dtionscneamh oidhreachta a dhéanann fiosrúchán ar stair Dhoire ó bhunaíodh an baile go dtí an lá atá inniu ann.

    Club Iar-Scoile
    Tá an club faoi lán seol anois agus imeachtaí ealaínne, spóirt agus ceoil ar siúl ag Róisín, an có-ordaitheoir cluib. Tá na cailíní ó Rang 3 go 5 in ann freastáil ar an líonpheil in éindí le páistí Ghaelscoil Eadáin Mhóir ar an Mháirt. Táimid ag súil le tús a chur le scíleanna iománaíochta le Gearalt roimh i bhfad anois fosta. Ní bhedh club ann dé Luain 22 Feabhra mar gheall ar treanáil foirne ar chosáint páistí an lá sin.

    C2K
    Thosaigh BT le hinseilbhiú an leathánbhanda sa scoil an seachtain seo agus beidh na páistí in ann na buntaistí teicneolaíochta agus ríomhairíochta is déanaí ó C2K i ndiaidh na sosa meántearmacha.

    Mic léinn
    Cuirmid fáilte mhór roimh Roma agus Nadine a mbeidh anseo linn ar thaithí theagaisc ar feadh tamail bhig agus iad ag treanáil mar mhúinteoirí ar Choláiste Mhuire, Béal Feirste. Guímid gach ráth ar a gcuid oibre.

    Cuir i gCuimhne
    Ba mhaith liom a chuir i gcuimhne do thuistí go bhfuil costas £2.10 ann sa lá do na dinneirí agus iarraim ar thuistí an t-airgead a sheoladh isteach i gcludach litir le hainm an pháiste air.

    Anois go bhfuil lán-aitheantas ag an scoil, beidh an t-oifigeach leas an pháiste ag déanamh seiceanna ó am go ham ar thinreamh agus ar phoncúlacht na bpáistí. Tosaíonn an lá scoile ar 9.15 agus beidh nóta de dhíth ar an mhúinteoir má chailleann páiste lá scoile.

    Ba mhaith linn a chuir i gcuimhne do thuistí a bheith ar aire maidir míoltaí gruaige. Ar an drochuair is maith leis na míoltaí gruaige bheith ina gcónaí i ngruaig ghlan, ach tá cóir leighis éifeachtach ar fáil ó chogaslanna na háite. Is féidir cíor speisialta agus lóis a cheannacht leis an fhadhb a aimsiú agus a réiteach gan stró.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.