Dé Céadaoin 26 Bealtaine 2010

SAMHRADH BUÍ



Tcífidh an samhradh seo an dara scéim shamhraidh lán-Ghaeilge ar siúl sa cheantar Bhaile Mhig Rabhartaigh, Doire. Rithfidh an campa óige ó 26-30 Iúil, Luan go hAoine 10rn-3in gach lá agus é ag freastáil ar pháistí na gaelscoile ó 4 go 10 mbliain d'aois trí himeachtaí spóirt, ceoil, turais mhistíreacha agus ealaín.

Tá Gaelscoil na Daróige ag súil go mór fosta, roimh dheireadh na míosa seo, le hoscailt oifigiúl a gairdín speisialta, 'Gairdín an Fhathaigh' a thóg muintir na háite go deonach do na dáltaí scoile i rith na bliana. Táthar ag súil chomh maith go gcuirfear tús leis an obair fheabhasúcháin ag an Roinn Oideachais i dtaca leis an 'clós scoile' le linn an tsamhraidh ionas go mbeidh sé fóirstíneach do na páistí roimh thús na scoilbhliana nua.

B'í seo an chéad bhliain lán-mhaoinithe ag an scoil agus tá diféar an domhain i ndiaidh theacht uirthi dá bharr cinnte. Ba mhaith leis an scoil a buíochas ó chroí a ghabháil le cairde, foireann, tacadóirí agus, go spéisialta, teaghlaigh na scoile as a gcuid tacaíochta agus chabhair i rith na bliana. Go raibh samhradh sultmhar lán spraoi agaibh go léir agus tcífimid sibh uilig i mí Mheán Fómhair!