Dé Céadaoin 29 Iúil 2009

FOGHLAIM LE FONN

PIC: GLASRAÍ ORGÁNACHA AR AN BHIA-CHLÁR!

B'é seal na bpáistí is sine sa scoil chun freastáil ar an scéim shamhraidh an tseachtain seo. Bhain na páistí sult is tairbhe as an 'Triall Culturtha' i lár na cathrach agus iad ag siúl thart ar na ballaí Dhoire, ag féacháint ar na múrmhaisúcháin Dhoire Saor agus iad ag tabhairt cuairt isteach sa Seipeál Naomh Augustine agus ar Iarsmalann an Túir. Bhí sceitimímí ar oibrithe na hiarsmalainne mar go raibh seans acu triall a bhaint as na hinnill áistriúcháin Ghaeilge nua a bhí acu don rannóg Armaid Spáinnigh, den chéad uair.

Ag tús na seachtaine, bhí deis ag na páistí glasraí orgánacha a thabhairt abhaile ó na ceapacha atá á ullmhú go speisiálta do theaghlaigh ón phobal Gaeilge sa chathair. Chothaigh na páistí na cearca agus bhí seans acu súgradh agus breathnú ar na lachainn is na hasail atá ann fosta. Tá siad ag súil go mór le filleadh ar ais ar an suíomh i rith na bliana.

Dé Luain 27 Iúil 2009

SCÉIM SHAMHRAIDH 2009


PIC: BAINEANN NA NAÍONÁIN SULT AS SCÉIM SHAMHRAIDH
Cuireadh tús le scéim shamhraidh, clár atá pludaithe le spórt, cluichí, ealaín agus ceol sa ghaelscoil dé Luain 20ú Mí Iúil 2009. Thosaigh an scéim le seachtain na naíonán, a thug deis do pháistí agus do teaghlaigh nua aithne a chur ar an choincheap gaeloideachais trí shúgradh, cheol, ealáin agus chluichí.

LÁ OIBRE


PICTIÚR: LÁ OIBRE AG AN SCOIL


Molann an chaint an duine ach molann an obair an lámh a rinne agus molfar go deo mar sin an scaifte tuistí, múinteoirí agus cairde na scoile a tháinig isteach le hobair fheabhsúcháin a dhéanamh ar shuíomh na scoile agus í a ullmhú roimh theacht ar ais arís na bpáistí i ndiaidh an tsamhraidh. Ní raibh cladhaire nó cabaire ar bith a thógfadh súgán sneachta ón obair iad ann. Imeóidh an tuirse ach fanfaidh an taibhre agus b'iontach an obair a rinneadh ar son na ndáltaí a thiocfaidh isteach le buntáistí an ghaeloideachais a bheith acu i Meán Fómhair. Cuireann sé tuiscint eile ar an tseanfhocal "as an obair a thagann an foghlaim!"

FORBAIRTÍ AGUS FÍS 2008/9

I 2008/09 thosaigh an naíscoil ag cur clár 2 bhliain d'aois ar fáil i gcomhpháirtíocht leis an eagraíocht luath-bhlianta 'Tús Maith'. Tá liosta feithimh fada anois ag an chlár seo agus tá an comhpháirtíocht is an comhmhaoiniú ag cur go mór le háiseanna agus leis an seiribhís á cuir ar fáil. Ag tús mí Eanáir, cláraíodh 18 bpáistí do rang 1, níos mó ná cuid mhaith de na scoileanna lán-mhaoinithe fud fad na Sé Chontae. Tá obair fheabhsúcháin, scéim shamhraidh agus ceapadh mhúinteora nua pleanáilte don Samhradh 2009 agus an pobal scoile ag fanacht le cinneadh ón Aire Oideachais ar an aitheantas don scoil.
PICTIÚR: PÁISTÍ AG SÚGRADH SA NAÍSCOIL

Dé Sathairn 4 Iúil 2009

FÁS NA SCOILE 2007

Ina 3ú bhliain, cuireadh isteach 2 bhóthán nua, seomra ranga agus bialann scoile. Ceapadh Fiachra Ó Donghaile mar mhúinteor R3/4 agus lean an scoil ag fás. Ag tús na bliana seo, bhí ar dháltaí Fhiachra bogadh ó ionad pobail go hionad eile ar feadh coicíse go dtí go raibh na seomraí nua reidh. Eagraíodh feachtas ag an scoil le haitheantas agus lán-mhaoiniú a fháil don scoil agus cuireadh brú polaitiúla ar na húdarais chuí.

Dé Céadaoin 1 Iúil 2009

ULLMHÚ DON LÁ STAIRIÚL, SAMHRADH 2005


PIC: OISÍN AG ULLMHÚ AN SEOMRA NUA.

Bhí obair mhór le déanamh roimh ré agus thug roinnt mhaith chairde lámh chuidithe leis an suíomh a ullmhú idir péinteáil, cóiriú an tseomra, leagán amach clocha thart ar an chlos. Ceapadh Oisín Mac Eo' mar mhúinteoir agus mar chéad phríomhoide na scoile.

D'fhan 100% de pháistí na háite a bhí sa naíscoil leis an ghaelscoil nuair a d'oscail Steven Kenny, bainisteoir sacair Dhoire, an scoil go hoifigiúl ar 1 Meán an Fhómhair 2005.

TÚS MAITH LEATH NA hOIBRE 2005

Cé go raibh 2 ghaelscoil ann sa bhaile cheana, bhí an cuid is mó de na páistí Naíscoil Mhaol Íosa, Baile Mhig Rabhartaigh ag dul chuig na scoileanna Béarla sa cheantar de bhrí go raibh na scoileanna lán-Ghaeilge rófhada ar shúil. Roimh dheireadh na scoilbliana 2004/5 tógadh isteach bothán nua ar an suíomh ionas go mbeadh seomra ranga ann do Rang 1 ag tús mhí Meán Fómhair.