Dé Céadaoin 26 Bealtaine 2010

SAMHRADH BUÍ



Tcífidh an samhradh seo an dara scéim shamhraidh lán-Ghaeilge ar siúl sa cheantar Bhaile Mhig Rabhartaigh, Doire. Rithfidh an campa óige ó 26-30 Iúil, Luan go hAoine 10rn-3in gach lá agus é ag freastáil ar pháistí na gaelscoile ó 4 go 10 mbliain d'aois trí himeachtaí spóirt, ceoil, turais mhistíreacha agus ealaín.

Tá Gaelscoil na Daróige ag súil go mór fosta, roimh dheireadh na míosa seo, le hoscailt oifigiúl a gairdín speisialta, 'Gairdín an Fhathaigh' a thóg muintir na háite go deonach do na dáltaí scoile i rith na bliana. Táthar ag súil chomh maith go gcuirfear tús leis an obair fheabhasúcháin ag an Roinn Oideachais i dtaca leis an 'clós scoile' le linn an tsamhraidh ionas go mbeidh sé fóirstíneach do na páistí roimh thús na scoilbhliana nua.

B'í seo an chéad bhliain lán-mhaoinithe ag an scoil agus tá diféar an domhain i ndiaidh theacht uirthi dá bharr cinnte. Ba mhaith leis an scoil a buíochas ó chroí a ghabháil le cairde, foireann, tacadóirí agus, go spéisialta, teaghlaigh na scoile as a gcuid tacaíochta agus chabhair i rith na bliana. Go raibh samhradh sultmhar lán spraoi agaibh go léir agus tcífimid sibh uilig i mí Mheán Fómhair!

Dé hAoine 29 Eanáir 2010

ATHNUACHÁN AN EARRAIGH

PIC: CUIREANN NA PÁISTÍ SNÁS AR A gCUID SCÍLEANNA IOMÁNAÍOCHTA AG AN CHLUB IAR-SCOILE


Tá dha chúis mhaith cheiliúrtha ag an scoil an séasúr seo le hathoscailt na naíscoile, a scríosadh ag an aimsir le linn na Nollag, agus le seoladh an chlub iar-scoile ar na mallaibh.

Beidh deis ag ár bpaistí imeachtaí sultmhara ar nós spóirt, ealaíne, ceoil agus fiú club timpeallachta a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Beidh an scoil ar siúl i ndiaidh am scoile ón Luan go Déardaoin agus eagraífear an corr imeacht ar leith ar an Aoine ó am go ham fosta.

Osclaíonn an naíscoil arís ag tús mí Feabhra i ndiaidh obair mhór fheabhasúcháin déanta uirthi agus muid in iomlán cinnte go rachfaidh na hathruithe go mór i bhfeidhm ar na tuistí agus ar na páistí.

Tá an nuachtlitir scoile séasúir ar fáil faoi ráiteas thíos.