Dé Domhnaigh 20 Meán Fómhair 2009

CÉAD MÍLE FÁILTE!!


Cuireann Gaelscoil na Daróige fearadh na fáilte roimh na teaghlaigh nua uilig chuig ár bpobal gaelach forbartha sa cheantar Bhaile Mhig Rabhartaigh ag tús na scoilbliana. Líonadh gach suíochán scoile a bhí ceadaithe de reir spáis ag an scoil do R1. Tá an scoil ag fás de reir a cheile le 5 bliain anois. Tá fréamhacha an fháis seo sa naíscoil, ina bhfuil 21 áit PEAG ceadaithe i mbliana agus sa naíolann atá pludaithe le liosta feithimh don chlár 2 bhliain d'aois fosta.

Chomh maith le méidiú ar líon na bpáistí, ceapadh múinteoir nua i rith an tsamhraidh agus táthar ag súil go mór léi bheith ag tosnú roimh dheireadh na míosa seo. Moltar do thuistí foirmeacha bhéile saoire agus thaisteála saoire a sheoladh isteach chomh luath agus is feidir agus iarraítear orthu bosca lóin a chur isteach leis an pháiste go dtí go bhfuil cinneadh déanta ar mhaoiniú rialtais don scoil.
Is féidir téacs Nuachtlitir an Mheán Fhomhair a léamh sna ráitis thíos.

1 comment:

  1. FÁILTE
    Ba mhí ollmhór í Meán Fomhair le teacht isteach 15 pháiste ar an scoil mar Rang 1. B’instealladh brí agus fuinnimh iad cinnte agus comhartha mór soiléir iad fosta d’fhás agus den eileamh ar an ghaelscolaíocht sa cheantar. Ceapadh múinteoir nua an mhí seo, tógadh griangraif scoile, chuaigh na páistí is sine chuig an fheirm agus nuair a thosaíonn maoiniú an rialtais beimid ag súil le háiseanna agus troscáin nua a cheannacht isteach láithreach bonn agus cuirfear tús leis na béiltí scoile faoi dheireadh. Go dtí sin, iarraim ar ghach tuismitheoir bheith foighdeach leis na socruithe reatha ar feadh tamaill bhig eile mar a bhí sibh go dtí seo.
    Beidh áthas ar thuismitheoirí Rang 1 le cluaisteáil go mbeidh na páistí ag fanacht istigh an lá ar fad ó 1ú Deireadh Fómhair. Fanfaidh siad istigh mar sin go 2.30in gach lá. Tá cóip de na laethanta saoire don scoilobhliain seo iniata leis an nuachtlitir seo.

    PONCÚLAÍOCHT
    Ceapadh xxxxxx ar an scoil i mbliana mar oifigeach leasaithe agus curám páistí. Beidh cead scrúdú na leabhair thinrimh aici agus beidh sí ag tabhairt cuairt ar theach pháiste ar bith atá ag teacht isteach go mall go rialta nó atá ag cialladh barraíocht lá scoile.
    Cuirtear i gcuimhne duit go dtosnaíonn an lá scoile ar 9.15rn gach lá, críochnaíonn R1/2 ar 2.30in, R3/4 ar 2.50in agus R5 ar 3.15in. Caithfidh na páistí bheith ann agus tógtha in am gach lá.

    FOIREANN
    Ba mhaith leis an scoil fearadh na fáilte a chur roimh mhúinteoir Bláithín a ceapadh mar mhúinteoir R3/4 i rith an tsamhraidh. Guímid gach ráth ar a cuid oibre anseo ag Gaelscoil na Daróige. Ba mhaith linn buíochas a ghabhail fosta chuig Danny a sheas isteach mar ionadaí i mí Mheán Fómhair.

    CLUBANNA
    Tá an Club Óige Setanta i ndiaidh tosú arís sa Chlub Óige Chnoc Na Rós. Tá sé oscailte do pháistí atá 6 nó níos sine agus téann sé ó 6 go 8in. Beidh an club iar-scoile ag tosnú fosta roimh i bhfad.

    TAISTEAIL AGUS BÉILTÍ
    Tá foirmeacha ar fáil ón scoil agus molaim duit iad a sheoladh isteach fiú muna bhfuil sé ar intinn agat béile scoile a ghlacadh. Beidh na béiltí ag teacht isteach ó scoil eile sa cheantar chomh luath is a thosaíonn an rialtas leis an scoil a mhaoiniú.

    SUÍOMH IDIRLÍNE
    Tá suíomh idirlíne ag an scoil ar nós blaig as Gaeilge agus as Béarla. Thig leat cuairt a thabhairt air ar http://gaelscoilnadaroige.blogspot.com

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.