Dé Céadaoin 29 Iúil 2009

FOGHLAIM LE FONN

PIC: GLASRAÍ ORGÁNACHA AR AN BHIA-CHLÁR!

B'é seal na bpáistí is sine sa scoil chun freastáil ar an scéim shamhraidh an tseachtain seo. Bhain na páistí sult is tairbhe as an 'Triall Culturtha' i lár na cathrach agus iad ag siúl thart ar na ballaí Dhoire, ag féacháint ar na múrmhaisúcháin Dhoire Saor agus iad ag tabhairt cuairt isteach sa Seipeál Naomh Augustine agus ar Iarsmalann an Túir. Bhí sceitimímí ar oibrithe na hiarsmalainne mar go raibh seans acu triall a bhaint as na hinnill áistriúcháin Ghaeilge nua a bhí acu don rannóg Armaid Spáinnigh, den chéad uair.

Ag tús na seachtaine, bhí deis ag na páistí glasraí orgánacha a thabhairt abhaile ó na ceapacha atá á ullmhú go speisiálta do theaghlaigh ón phobal Gaeilge sa chathair. Chothaigh na páistí na cearca agus bhí seans acu súgradh agus breathnú ar na lachainn is na hasail atá ann fosta. Tá siad ag súil go mór le filleadh ar ais ar an suíomh i rith na bliana.

Dé Luain 27 Iúil 2009

SCÉIM SHAMHRAIDH 2009


PIC: BAINEANN NA NAÍONÁIN SULT AS SCÉIM SHAMHRAIDH
Cuireadh tús le scéim shamhraidh, clár atá pludaithe le spórt, cluichí, ealaín agus ceol sa ghaelscoil dé Luain 20ú Mí Iúil 2009. Thosaigh an scéim le seachtain na naíonán, a thug deis do pháistí agus do teaghlaigh nua aithne a chur ar an choincheap gaeloideachais trí shúgradh, cheol, ealáin agus chluichí.

LÁ OIBRE


PICTIÚR: LÁ OIBRE AG AN SCOIL


Molann an chaint an duine ach molann an obair an lámh a rinne agus molfar go deo mar sin an scaifte tuistí, múinteoirí agus cairde na scoile a tháinig isteach le hobair fheabhsúcháin a dhéanamh ar shuíomh na scoile agus í a ullmhú roimh theacht ar ais arís na bpáistí i ndiaidh an tsamhraidh. Ní raibh cladhaire nó cabaire ar bith a thógfadh súgán sneachta ón obair iad ann. Imeóidh an tuirse ach fanfaidh an taibhre agus b'iontach an obair a rinneadh ar son na ndáltaí a thiocfaidh isteach le buntáistí an ghaeloideachais a bheith acu i Meán Fómhair. Cuireann sé tuiscint eile ar an tseanfhocal "as an obair a thagann an foghlaim!"