Dé Céadaoin 26 Bealtaine 2010

SAMHRADH BUÍ



Tcífidh an samhradh seo an dara scéim shamhraidh lán-Ghaeilge ar siúl sa cheantar Bhaile Mhig Rabhartaigh, Doire. Rithfidh an campa óige ó 26-30 Iúil, Luan go hAoine 10rn-3in gach lá agus é ag freastáil ar pháistí na gaelscoile ó 4 go 10 mbliain d'aois trí himeachtaí spóirt, ceoil, turais mhistíreacha agus ealaín.

Tá Gaelscoil na Daróige ag súil go mór fosta, roimh dheireadh na míosa seo, le hoscailt oifigiúl a gairdín speisialta, 'Gairdín an Fhathaigh' a thóg muintir na háite go deonach do na dáltaí scoile i rith na bliana. Táthar ag súil chomh maith go gcuirfear tús leis an obair fheabhasúcháin ag an Roinn Oideachais i dtaca leis an 'clós scoile' le linn an tsamhraidh ionas go mbeidh sé fóirstíneach do na páistí roimh thús na scoilbhliana nua.

B'í seo an chéad bhliain lán-mhaoinithe ag an scoil agus tá diféar an domhain i ndiaidh theacht uirthi dá bharr cinnte. Ba mhaith leis an scoil a buíochas ó chroí a ghabháil le cairde, foireann, tacadóirí agus, go spéisialta, teaghlaigh na scoile as a gcuid tacaíochta agus chabhair i rith na bliana. Go raibh samhradh sultmhar lán spraoi agaibh go léir agus tcífimid sibh uilig i mí Mheán Fómhair!

Dé hAoine 29 Eanáir 2010

ATHNUACHÁN AN EARRAIGH

PIC: CUIREANN NA PÁISTÍ SNÁS AR A gCUID SCÍLEANNA IOMÁNAÍOCHTA AG AN CHLUB IAR-SCOILE


Tá dha chúis mhaith cheiliúrtha ag an scoil an séasúr seo le hathoscailt na naíscoile, a scríosadh ag an aimsir le linn na Nollag, agus le seoladh an chlub iar-scoile ar na mallaibh.

Beidh deis ag ár bpaistí imeachtaí sultmhara ar nós spóirt, ealaíne, ceoil agus fiú club timpeallachta a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Beidh an scoil ar siúl i ndiaidh am scoile ón Luan go Déardaoin agus eagraífear an corr imeacht ar leith ar an Aoine ó am go ham fosta.

Osclaíonn an naíscoil arís ag tús mí Feabhra i ndiaidh obair mhór fheabhasúcháin déanta uirthi agus muid in iomlán cinnte go rachfaidh na hathruithe go mór i bhfeidhm ar na tuistí agus ar na páistí.

Tá an nuachtlitir scoile séasúir ar fáil faoi ráiteas thíos.

Dé Domhnaigh 15 Samhain 2009

TÁ AN NOLLAIG BUAILTE LINN!


Tá an Nollaig buillte linn agus tá mí ar léith i ndán do na páistí iad féin ar an scoil. Beid siad ag canadh ag an Seirbhís Charúil i Séipeál an Teaghlaigh Naofa, ag taisteáil leis an Phantó Nollag 'An Fathach Santach' a fhéiceail sa Chultúrlann i mBéal Feirste, ag cur Seó na Nollag i láthair do na tuistí agus ar ndóigh, ag ithe dinnéar rósta na Nollag ar scoil.
Le lán-mhaoiniú ón rialtas ag teacht fríd den chéad uair an mhí seo, tá tús curtha le béiltí agus coras iompar chun na scoile a chur ar fáil agus ordaíodh léar mór áiseanna nua agus leabhar don scoil. Tá an coras ríomhaireachta is déanaí, C2K, á cuir isteach ag an Roinn anois faoi láthair. Nollaig Shona Dúinn!
Tá nuachtlitir na míosa seo iniata faoi 'comments' thíos.