tag:blogger.com,1999:blog-2564229210113106948.post1327925255626409116..comments2010-02-15T13:00:18.271-08:00Comments on Gaelscoil Na Daróige: TÁ AN NOLLAIG BUAILTE LINN!Unknownnoreply@blogger.comBlogger1125tag:blogger.com,1999:blog-2564229210113106948.post-61311313443326752142009-12-08T16:05:03.439-08:002009-12-08T16:05:03.439-08:00NUACHTLITIR
Nollaig Shona 2009!
Saoirse
Is é a...NUACHTLITIR

Nollaig Shona 2009!

Saoirse
Is é an Mháirt 22ú Mí na Nollag an lá scoile deireanach na bliana. Tcífimid sibh ar ais arís san athbhliain nuair a osclófar an scoil ar 7ú Mí Eanáir 2010.

Naomh Uinsean De Pól
Táimid ag bailiú earraí ar son Naomh Uinsean de Pól an Nollaig seo. Is féidir cannaí nó pacáistí bia nó earraí eile a fhágáil ag an mhúinteoir ranga. Tá bosca bailúcháin in achan seomra ranga.

Seirbhís Charúil
Beidh na páistí ag canadh mar is gnás leo dé Domhnaigh 13ú Mí na Nollag ag an Seirbhís Charúil i Séipeál an Teaghlaigh Naofa. Cé go mbeidh an Córr scoile déanta de pháistí Rang 3-5 amháin, tá fearadh na fáilte roimh chách theacht.

Pantó na Nollag
Tá scéitimíní ar na páistí ó chuala siad go bhfuilimid ag dul chuig an dráma ‘An Fathach Santach’ a fhéiceáil i gCultúrlann Mac Adaim- Ó Fiaich, Béal Feirste 18ú Mí na Nollag. Tá costas £5 in iomlán ar an lá, turas bus agus ticéad dráma in aireamh.

Dinnéar na Nollag
Táimid ag súil go mór le dinnéar scoile na Nollag dé hAoine. Is doiche go bhfuil dinnéar breá le turcaí i ndán do na páistí.

Ó Dhoire go Gaza.
D’fhag dearthar Fhiachra, Éanna Ó Donghaile, Doire ina dhiaidh ar thuras neamhghnách an tseachtain seo. Tá sé ag tiomaint otharchairr le hearraí leighis go Gaza a ceannaíodh le hairgead bailithe ag muintir Dhoire. Go n-éirí an bóthar leis!

Nollaig Shona
Tá léar mór le ceiliuiriú againn ag deireadh na bliana seo, thosaigh na béiltí agus an coras iompar scoile ar na mallaibh agus le scaoileadh ár mbuiséad faoi dheireadh beimid in ann áiseanna agus leabhair a cheannacht isteach ar an nós céanna le scoil ar bith eile i nDoire. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabhail as bhur gcuid tacaíochta le cúig bliaina cruatáin anois agus muid ag súil le todhchaí geal a thógáil don ghaeloideachas sa cheantar seo.

Suíomh idirlíne
Tá na sonraí seo agus breise le léamh ar ár mblag ar-líne ag http://gaelscoilnadaroige.blogspot.comscléipirehttps://www.blogger.com/profile/08276797216849358765noreply@blogger.com